C
G
G7 C G
Tá an londubh is an chéirseach, is an fhuiseoigín le
chéile,
C
G
G7 C G
Is an smóilín binn bréagach ina ndiaidh i ngach aird,
G Bb
F C
F C G
An chuach i measc an méid sin
ag seinm dánta 's dréachta
C
G
G7 C G
Do chúl trom tais na bpéarlaí is dom' chéad míle grá.
Dá
mbeinnse im' smóilín do leanfainn tríd an móin í,
Mar is ise bláth na hóige a thógfadh suas mo chroí.
Ó bheinnse 'seinm
ceoil dí ó mhaidin go tráthnóna,
Le ceiliúr binn á cealagadh is le móráil dá gnaoi.
Is trua gan mé is mo shiúirín
is barr mo láimhe dlúth léi,
Go seinnfinn di go súgach ar cheolchruit go sámh;
A lao, nárbh aoibhinn domsa dá bhfaighinnse
cead bheith ag siúl léi,
Is a rún mo chroí, bí ag súil liom le héirí don lá.